Skip to main content
Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Whistles and Flute: Callout for entries for Seán Ó Riada Gold Medal 2023

September 29, 2023 @ 11:30 pm

Are you a traditional musician on flute or whistle?  Peadar Ó Riada has opened entries for the Seán Ó Riada Gold Medal competition 2023, which will focus on whistle and flute this year.

The annual competition is run by Peadar through his RTÉ Raidió na Gaeltachta show Cuireadh chun Ceoil, and the winner will take home the bespoke medal and prize money of €2500.  The final date for entries is Friday 29 September.

Composer and broadcaster Peadar Ó Riada initiated this competition in 2010, and it now receives entries from musicians across the world every year.   Previous winners on flute include esteemed musicians Tim McHugh from Newport in Mayo, Seán Gavin from Detroit in the US, and Jillian O’Malley from Louisburgh, Co. Mayo.

To enter the competition, musicians must:

  • Record 5 sets of tunes (They can be recorded on computer or phone, studio quality is not required)
  • Register at www.cuireadhchunceoil.ie
  • Upload the sets to the website by Friday 29 September

The finalists will be announced on the Cuireadh chun Ceoil programme live from the Éigse Dhiarmuidín festival in early December.  The final will take place in the Rochestown Park Hotel in Cork in late January.

The competition is sponsored by RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO, Ealaín na Gaeltachta and the Rochestown Park Hotel.

 

Feadóga do chomórtas Bhonn Óir Seán Ó Riada 2023

An ceoltóir traidisiúnta ar an bhfeadóg mhór nó ar an bhfeadóg stáin thú?  Tá an comórtas do Bhonn Óir Seán Ó Riada na bliana seo fógartha ag an gcraoltóir Peadar Ó Riada, agus is ar an dá uirlis sin a bheas an comórtas dírithe do 2023.

Beidh bonn óir agus €2500 ag dul don bhuaiteoir ar an gcomórtas, atá á reáchtáil ag Peadar tríd a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Is é Dé hAoine 29 Meán Fómhair an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais.

Chuir Peadar Ó Riada an comórtas seo ar bun siar sa bhliain 2010, agus bíonn ceoltóirí ó gach cearn den domhan ag cur isteach air gach bliain.  Is liosta le háireamh na ceoltóirí ar an bhfeadóg mhór a thug leo an duais mhór go dtí seo, ina measc Tim McHugh as Baile Uí Fhiacháin i Maigh Eo, Seán Gavin as Detroit Mheiricá, agus Jillian O’Malley ó Chluain Cearbháin i Maigh Eo.

Le cur isteach ar an gcomórtas, is gá do cheoltóirí:

  • 5 phíosa/seit ceoil a thaifead  (is leor iad a thaifeadadh ar an ríomhaire/fón, ní caighdeán stiúideo atá i gceist)
  • Clárú ag www.cuireadhchunceoil.ie
  • Na píosaí ceoil a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín sin faoin Aoine 29 Meán Fómhair.

Roghnófar 15 iomaitheoir le bheith páirteach sa chraobh, agus fógrófar iad ar an gclár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ RnaG beo ó Éigse Dhiarmuidín ag tús mhí na Nollag.   Craolfar an chraobh beo ó Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh ag deireadh mhí Eanáir.

Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO, Ealaín na Gaeltachta agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh na hurraitheoirí ar an gcomórtas.

Details

Date:
September 29, 2023
Time:
11:30 pm
Event Category:
Website:
www.cuireadhchunceoil.ie

Keep up to date with IMRO news and events

Please select login