Tá sé ar fad Againn ar Cúla4 – Eachtraíocht, Samhlaíocht, Greann agus Spraoi
Tá daoine óga ag croílar gach cinneadh a dhéantar faoi Cúla4 agus tá seilbh glactha ag an aos óg ar an gcainéal. Is leo an spás nuálach seo. Tá an chumhacht ag daoine óga sna cinntí móra a dhéantar ag Cúla4! Bíonn na roghanna a dhéantar faoi choimisiniú clár ag teacht ó dhaoine óga, bíonn smaointe nua do shraitheanna ag teacht ó dhaoine óga agus bíonn moltaí úra d’ábhar ag teacht ó dhaoine óga. Tá cainéal mar seo tuillte ag ár lucht féachana óg agus is iad na daoine óga atá i gceannas, i ndáiríre!
Tá cainéal lánaimseartha Cúla4 bliain ar an aer anois agus níor cheap mé go mbeadh tionchar an chainéil le feiceáil chomh tapaidh seo. Tá sé deacair an tionchar sin agus tábhacht an chainéil a chur i scríbhinn. Déanann Cúla4 normalú ar an teanga i measc na hóige, músclaíonn Cúla4 suim sa Ghaeilge i measc na hóige agus spreagann Cúla4 spéis sa chultúr i measc na hóige.
Bhí bearna i dtírdhearc na meán in Éirinn ar feadh na mblianta. Ach tá rogha anois ag an aos óg, tuismitheoirí agus múinteoirí féachaint ar shiamsaíocht agus ar chláracha trí Ghaeilge ag am ar bith i rith an lae, rogha nach raibh ann dom féin agus mé ag fás aníos. Nach bhfuil an t-ádh leo! Bhí an chothromaíocht seo ag teastáil. Bhí éileamh ar chainéal lánaimseartha Gaeilge do dhaoine óga, bhí géarghá leis agus feiceann muid anois an paisean, an grá agus an suim atá ag daoine óga don teanga.
Mar thoradh ar bhunú Cúla4 mar chainéal lánaimseartha, tá fás tagtha ar an líon daoine atá san obair san earnáil agus tá criúnna nua á thraenáil go leanúnach. Tá líon mór de na daoine seo ag obair taobh amuigh de na cathracha, i gceantair Ghaeltachta ach go háirithe.
Lá cinniúnach i stair na teanga a bhí ann nuair a craoladh Cúla4 mar chainéal lánaimseartha den chéad uair. Lá mór a bhí ann do chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí na teanga agus lá stairiúil a bhí ann do dhaoine óga in Éirinn. Tá tionchar TG4 ar an bpobal le feiceáil gach uile lá agus anois tá an deis ag an gcainéal fuinniúil nua, Cúla4, dul i bhfeidhm ar dhaoine óga na tíre agus iad a spreagadh.
Is í Niamh Ní Chróinín láithreoir ar Cúla4, seirbhís do pháistí ar TG4. Tá sí ina hambasadóir ag Cúla4 freisin ag imeachtaí do dhaoine óga ar fud na tíre.